Clólann Bheann Mhadagáin Ben Madigan Press
Leathanach Baile

Beann Mhadagáin

Clólann Bheann Mhadagáin

Bunaíodh Clólann Bheann Mhadagáin sa bhliain 2001 le leabhair Ghaeilge a sholáthar, go háirithe do dhaoine fásta atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus don oideachas lán-Ghaeilge.

Baistear Beann Mhadagáin (nó ‘Cavehill’) ar an chnoc atá os cionn chathair Bhéal Feirste.


A.J. Hughes MA, MésL, PhD

 

 

 

 

An t-údar

Is é Dr A.J. Hughes MA, MèsL, PhD, PGCHET Stiúrthóir Chlólann Bheann Mhadagáin. Cé gur saineolaí é ar gach réimse de theanga na Gaeilge, tá 25 bliain de thaithí aige ar theagasc na Nua-Ghaeilge. Tá sé ina chomhordnóir ar chúrsa dar teideal Diplóma sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste.