|
||||
|
||||
|
|||
Teideal an Leabhair: | Rí Thoraí: ó Chathair go Creig - Patsaí Dan Mag Ruaidhrí | ||
Eagarthóir agus aistritheoir: | AJ Hughes MA, MésL, PhD | ||
Foilsitheoir: | Clólann Bheann Mhadagáin, 2018 | ||
Leibhéal na Léitheoireachta: | Dírithe ar an Ghaeilgeoir ag gach leibhéal | ||
Clúdach crua: | 368 lch | ||
Uimhir ISBN: | 978-0-9954873-1-4 | ||
Luach: |
|
||
NB Seoladh ar domhan: Caithfidh tusa an zón ceart poist a roghnú. Muna roghnaí tú an zón ceart poist cuirfear an t-airgead ar ais chugat lúide an costas a ghearann PayPal do gach íocaíocht. Roghnaigh go cúramach, le do thoil. |
|||
|
|||
An t-údar: Rugadh Patsaí Dan Mag Ruaidhrí i mBaile Átha Cliath. Tugadh isteach ar altram é ag lánúin gheanúil go hOileán Thoraí, Co Dún na nGall sna 1940í agus é ceithre bliana d’aois. Bhí saol breá folláin aige ar an oileán bhríomhar seo, mar fheirmeoir, iascaire, ealaíontóir agus mar cheoltóir. Rinne Patsaí iarracht theacht ar a bhreith-mháthair ach cheil na húdaráis at t-eolas sin air. Throid sé go fíochmhar in éadan bhánú an oileáin sna 1970í agus rinneadh Rí de in 1993. Cé nach bhfuil scríobh na Gaeilge ag Patsaí, insíonn sé mór-eachtraí a shaoil don Dr Art Hughes sa leabhar seo. Is cinnte gur scéal é ar fiú a inse - agus glacfaidh sé a áit mar scéal suimiúil, spreagúil i leabharlann an domhain. An t-eagarthóir: Art a thaifead saol Phatsaí i nGaeilge, a d’eagraigh an t-ábhar i gcaibidleacha, a d’aistrigh an leabhar go Bearla agus a chuir réamhrá, innéacs agus gluais leis an tsaothar. Clár an leabhair Réamhrá le hArt Hughes, Ollscoil Uladh |