| Na freagraí don Roinn: Líon 
        an bhearna le focal cuí Triail 1
 a)   Rugadh agus tógadh i mBéal 
        Feirste mé.b)   Ní cuimhin liom cá huair a tháinig 
        sé anseo den chéad uair.
 c)   Is breá liom bolg le gréin a dhéanamh 
        ar an trá.
 b)   Mol an óige agus tiocfaidh sí.
 e)  Cé go bhfuil mo dheartháir i Londain le fiche bliain 
        anuas coinnímid i dteagmháil lena chéile go
 measartha rialta.
 f)   Chuaigh Pól chuig an ollscoil agus bhain 
        sé céim amach.
 g)   Tá triúr páiste ag an lánúin 
        sin.
 h)   Nuair a bheas páistí ag Pól tógfaidh 
        sé le Gaeilge iad.
 Triail 2 a)    Bhain muid sult mór as na laethanta 
        saoire in ainneoin na drochaimsire.b)    Ó tharla gur theip air sa chéad scrúdú 
        tiomána níor mhothaigh sé iontach muiníneach 
        ag dul isteach don dara
 ceann, nó bhí 
        a mhisneach caillte aige.
 c)    Is leor nod don eolach.
 d)    Níor mhian liomsa Éire a fhágáil 
        agus bheith i mo chónaí thar lear , mar gurbh fhearr 
        liom fanacht anseo san áit
 ar tógadh mé.
 e)    Ba mhaith liom post a bhfuil tuarastal maith 
        ag dul leis a fháil.
 f)     Is duine cróga (é) Pól, 
        ní bhíonn eagla air roimh rud ar bith.
 g)    Thosaigh ré na Críostaíochta 
        in Éirinn sa chúigiú céad.
 h)    Ní luath ná mall a bhí mé, 
        bhí mé díreach in am.
 Triail 3 1    Déirigh liom deireadh 
        a chur leis an aiste sin aréir.2    Chuir mé scairt ar oifig an stiúrthóra 
        ach ní raibh sé istigh ach ghlac an rúnaí 
        teachtaireacht uaim.
 3    Níl suim ná spéis aici 
        i gcúrsaí spóirt.
 4    Is é an samhradh an séasúr 
        den bhliain is fearr liom.
 5    I dtús báire ba mhian liom buíochas 
        a ghabháil libh astheacht anseo anocht.
 6    Nollaig shona agus bliain úr faoi mhaise duit. 
        Gurb amhlaidh duitse.
 7    Ní fhóireann teas ná fuacht 
        don chailligh (= don chailleach).
 8    Bhí a croí ag briseadh le cumha 
        ag imeacht as an bhaile di.
 Triail 4 1   Bhain scoláirí an choláiste sin an 
        comórtas díospóireachta anuraidh.2    Ní oibreoidh an seanchlog sin go brách 
        arís mar tá sé ó chóiriu.
 3    Ní thagann aithne go haon tíos.
 4    Bhí Úna lárnach in imeachtaí 
        an Chumainn Ghaelaigh, mar ba ise an cathaoirleach.
 5    Thug mise seic don tiarna talaimh agus thug seisean 
        admháil domhsa.
 6    Rinne muid socrú bualadh le chéile taobh 
        amuigh de Halla na Cathrach ar a dó.
 7    Dúirt sé an rud ceannann céanna 
        liomsa.
 8    Is binn béal ina thost.
 Triail 5 1   Tá aithne shúl agam air ach ní 
        cuimhin liom a ainm.2   Níl ach freagra amháin eile de dhíth 
        orm agus beidh an crosfhocal críochnaithe agam.
 3   Níl mé róthugtha don bhialann 
        sin, bfhearr liom triail a bhaint as ceann inteacht eile.
 4   Tabhair domh do pheann ar iasacht bomaite beag, le 
        do thoil, mar níl mo cheann féin ag scríobh
 mar is ceart.
 5   Caithfear na foirmeacha seo a líonadh isteach 
        agus a chur sa phost láithreach.
 6   Dúirt sí go dtiocfadh sí agus ansin 
        dathraigh sí a hintinn.
 7   Tá eagla orm go bhfuil éirí in airde 
        sa duine sin.
 8   Tá siad ina gcónaí cúpla míle 
        taobh amuigh den bhaile mhór.
 Triail 6 1   Thóg sé an tuáille agus thriomaigh 
        é féin.2   Chaith mé tamall fada ag gabháil do 
        mobair bhaile aréir.
 3   An raibh duine ar bith eile i do chuideachta aréir 
        nó an ndeachaigh tú leat féin?
 4   Is aoibhinn agus is breá liomsa teas an tsamhraidh.
 5   Bíonn ar an ghrúpa sin cleachtadh a 
        bheith acu roimh gach coirm cheoil.
 6   Bíonn mála codlata de dhíth 
        ort agus tú ag campáil.
 7   I s breá liomsa nuair a bíos an teaghlach 
        cruinn le chéile ag an Nollaig.
 8   Nollaig shona agus bliain úr faoi mhaise duit.
 Triail 7 a)   Caithfidh mé a admháil go raibh an 
        scannán sin i bhfad níb fhearr ná mar a shíl 
        mé a bheadh.b)   Ní thiocfadh linn an dlúthdhiosca a chluinstin 
        mar bhí an fhuaim ró-íseal
 c)   Is mise, le meas, Breandán Ó hUiginn.
 d)   Níl a oiread turasóirí ná 
        cuairteoirí thart i mbliana as siocair na drochaimsire.
 e)   Más mian leat labhairt leis an stiúrthóir 
        déan coinne leis an rúnaí i dtús báire.
 f)   Beidh an lánúin sin uaigneach go leor 
        nuair a imeos (= imeoidh) a gclann uathu arís i ndiaidh na Nollag.
 g)   An bhfuil tú cinnte go bhfuair tú go leor 
        le hithe? Fuair, mo sháith is barraíocht.
 h)  Thig liom cur suas leis an teas ach níl mé ábalta 
        an fuacht a fhuilstin ar chor ar bith.
 Triail 8 1   Bhí an phian do mo mharú ach nuair a shlog 
        mé siar an piolla thug sin faoiseamh domh.2   Shíl mé go raibh mo pheann caillte agam ach 
        chuardaigh mé i ngach póca de mo chasóg go 
        bhfuair mé é.
 3   Ar mhaith leat dhul chuig an phictiúrlann anocht? 
        Níor mhaith, go raibh maith agat. Tá an scannán sin 
        feicthe
 agam cheana féin.
 4   Caithfidh mé a rá gur bhain mé sult 
        agus sásamh as an rang sin.
 5   Bhí piachán ionam agus mhol mo mháthair 
        domh crúiscín meala a cheannach(t) agus cúpla 
        spúnóg di a
 ghlacadh i rith an lae. Rud      a 
        rinne mé.
 6   Is aoibhinn (/ maith) liom bheith cois farraige 
        lá breá gréine.
 7   Diarr mé orthu cuidiú liom an 
        troscán a iompar isteach sa teach.
 8   Tá an mháthair sin iontach doirte dá 
        clann.
 Triail 9 a)     Is beag léitheoir a bheadh 
        ar aon intinn le húdar an ailt sin.b)     Chaith sé tamall fada ag 
        amharc ar an teilifís aréir.
 c)     Ná bí ródhian 
        ar na daoine óga, tabhair seans dóibh.
 d)     Beidh bunús na ndaoine sásta 
        leis an chinneadh sin.
 e)     Ba mhaith leis an chathaoirleach na barúlacha 
        seo a chur os comhair an choiste.
 f)      Ní dóigh liom go dtiocfaidh 
        siad ar ais anseo choíche.
 g)     Bígí ciúin, a pháistí, 
        le bhur dtoil, agus éistigí go cúramach leis 
        an scéalaí.
 h)     Táimid fíorbhíoch 
        díbh as an chuidiú agus as an tacaíocht a 
        thug sibh dúinn.
 i)      Scríobh an freastalaí 
        síos an t-ordú agus thug isteach chuig an chistin 
        é.
 j)      Ní bhíonn sí 
        comh cainteach sin de ghnách mar is duine faiteach í.
 k)     Buaileadh an fhoireann sin go dona 
        sa chluiche dheireanach a dimir siad.
 l)      Tógadh an teach seo 
        deich mbliana ó shin.
 m)    Cé go bhfuil Gaeilge aige ní 
        minic a bhíonn seans aige í a labhairt.
 Triail 10 1     Ní maith liom nuair nach nglacaim 
        cithfholcadh i ndiaidh mé a bheith ar an trá mar go mbíonn 
        gráinníní beagade ghaineamh idir       mo 
        ladhracha.
 2     Fuair mé litir ó Sheán 
        sa deireadh thiar thall!
 3     Ní bheidh ár leithéid 
        arís ann.
 4     Chuala mé ceoltóir deas ar an 
        raidió inné agus chuaigh mé síos go lár 
        na cathrach an chéad rud ar maidin
 gur cheannaigh mé 
         dlúthdhiosca dá cuid.
 5     Tá boladh cumhra as na bláthanna 
        sin.
 6     Ní raibh a fhios ag Seán an mbeadh 
        sé saor ón obair an tseachtain sin, caithfidh sé 
        na dátaí a chinntiú ina
 dhialann.
 7     Meastar gurb é An Druma Mór an 
        t-úrscéal is conspóidí a scríobh 
        Seosamh Mac Grianna.
 8     Nuair a bhí muid sa Spáinn bhíodh 
        cóisir againn ar an trá achan uile oíche.
 Triail 11
 1    Ná lig a oiread agus focal thar do bhéal 
        fán rud a dúirt mé leat.
 2    Tiocfaidh na torthaí amach i gceann 
        seachtaine.
 3    An as a stuaim féin a rinne sé 
        é nó an é rud a mhol duine inteacht eile dó 
        é a dhéanamh?
 4    Ba cheart go mbeadh na daoine eile anseo am ar bith 
        feasta.
 5    Ní itheann sé ach bia folláin 
        ag am lóin, glasraí, torthaí agus rudaí 
        mar sin.
 6    Cuireadh moill orm sa trácht agus bhí 
        mé mall ag an chruinniú.
 7    Ní bheidh tú ábalta todóg 
        a chaitheamh sa bhialann seo ar an ábhar go bhfuil cosc 
        ar thobac.
 8    Daithin an príomhoide go raibh eagla 
        ar an dalta mar bhí crith ar a ghlór nuair a labhair 
        sé.
 Triail 12 1)    Más mian leat luí síos gabh 
        suas chuig do sheomra leapa ach ná bí i do luí ar 
        an tolg.2)    An rud is annamh is iontach.
 3)    Tá sibh go maith chun tosaigh leis 
        an phéinteáil.
 4)    Is teann gach madadh ar a thairseach féin.
 5)    Gabhaigí mo leithscéal, tá mé 
        b as bheith mall.
 6)    Chuir sé deich bpunt ar chapall ach chaill 
        sé an _________________.
 7)    Ar mhaith leat clárú do chúrsa 
        _________________ ?
 8)    Gabh mo leithscéal ach ní thig liom 
        an scáileán a fheiceáil, tá do cheann sa _________________ 
        agam. Ar
 mhiste leat do stól 
        a bhogadh i leataobh, le do thoil?
 Triail 13 1    Go raibh míle maith agaibh. Seo an bronntanas 
        is fearr a tugadh riamh domh.2    Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, 
        ach creid mise, ní searbh atá sí ach garbh agus sin 
        an fáth a seachantar í.
 3    Tar anuas den bhalla sin! Níl cead ag 
        duine ar bith dhul suas air.
 4    Ar labhair an príomhoide leat go fóill 
        maidir leis na torthaí?
 5    Ní choinníonn an soitheach ach 
        a lán.
 6    Is ócáid an-speisialta í 
        seo dúinn agus coinneoimid cuimhne ar an chuairt seo go deo.
 7    Bhí Pádraig gléasta go 
        hinnealta aréir: bhí léine lín, carbhat síoda 
        culaith nua agus péire úr bróg air.
 8    Beidh deireadh linn mura mbí muid ar 
        ais in am don dinnéar.
 Triail 14 1    Thug sé comhairle mo leasa domh.2    Éiríonn an mháthair sin an-imníoch 
        má fhanann a páistí amuigh mall san oíche.
 3    Cé gur dheas an rud é an dara carr a 
        bheith againn níl a fhios agam an bhfuil fíorghá 
        leis?
 4    Má reáchtálann sibh oíche 
        cheoil don naíscoil róchóngarach don Nollaig tá 
        baol ann nach dtiocfaidh mórán de
 shlua.
 5     Toghadh mise mar bhall den choiste dhá 
        bhliain ó shin ach, leis an phost nua seo atá agam, tá 
        eagla orm go
 gcaithfidh mé éirí 
        as.
 6     Ní gheallfaidh mé rud ar 
        bith daoibh, ar eagla na heagla, ach déanfaidh mé mo sheacht 
        ndícheall bheith anseo
 in am.
 7     Tá an fear sin iontach daingean 
        ina bharúil agus ní éireoidh le duine ar bith a intinn 
        a athrú in éadan a thola.
 8     Níor loisc seanchat é féin 
        riamh.
 Triail 15 1    Is fearr lán doirn de cheird ná 
        lán mála dór.2    Tar anuas an staighre agus fan thíos 
        sa halla go dtaga an tacsaí.
 3    Is breá liom na suíomhacha campála 
        atá thall sa Fhrainc.
 4    Cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht 
        i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1808.
 5    Bhí mé ag iarraidh mo charr a dhíol 
        agus chuir mé fógra ar an nuachtán.
 6    Ná líon an mála go barr 
        nó ní bheidh mé ábalta a iompar.
 7    Éirím iontach neirbhíseach nuair 
        a iarrann daoine orm amhrán a rá.
 8    Bí cúramach leis na huibheacha 
        sin.
 Triail 16 1    An imríonn tú leadóg? Imrím, 
        go measartha rialta.2    Ar ith tú do sháith? Dith, mo 
        sháith is barraíocht.
 3    Níl a fhios agam cad é a ba chóir 
        domh a dhéanamh, tá mé idir dhá chomairle.
 4    An bhfuil duine ar bith eile leat, a Phádraig, 
        nó ar tháinig tú i daonar?
 5    Caithfimid tuilleadh ola a ordú don teas lárnach 
        mar tá an tanc measartha íseal.
 6    Seo an stoirm is measa dár thainig le cuimhne 
        na ndaoine.
 7    Ar tháinig post ar bith inniu? Tháinig, 
        cúpla litir agus pacáiste amháin.
 8    Ní thiocfadh sí ar cuairt arís 
        go cionn míosa.
 Triail 17 1    Is maith an scáthán súil 
        carad.2    Is ar éigean a chreid sé mé.
 3    Rinne mé dearmad cárta a chur 
        chuig mo mháthair mhór agus inniu a breithlá, beidh 
        orm scairt a chur anocht
 uirthi.
 4    Coinnítear cáis, bainne agus iógart 
        i gcuisneoir le iad a choinneáil úr.
 5    Go raibh míle maith agat as ucht do 
        chineáltais.
 6    Tús maith leath na hoibre.
 7    Rí an reatha, rí an tsnámha 
        agus rí an eolais .i. an carrfhia.
 8    Níl luibh ná leigheas in aghaidh 
        an bháis.
 Triail 18 1    Tig (= Tagann) ciall le haois.2    Fan amach ó dhroch-chuideachta.
 3    Is furasta fearg a chur ar dhuine nuair a bhíonn 
        sé faoi bhrú.
 4    Ba í an Ghaeilge an t-ábhar ab 
        fhearr liom ar scoil.
 5    Ní thig leis an duine sin fanacht socair. Bíonn 
        i gcónaí fuadar mór faoi.
 6    Cé go bhfuil siad an-chosúil lena chéile, 
        níl siad díreach mar an gcéanna.
 7    Ní buan gach ní a chaitear.
 8    Cá háit ar chaith an lánúin 
        sin mí na meala?
 Triail 19 1    Ghlac na gardaí ráiteas ón 
        fhinné a chonaic an timpiste.2    Béigean don údar sin cuid mhór 
        taighde a dhéanamh leis an leabhar sin a scríobh.
 3    Níor shíl mé a mhór den 
        tseribhís sa bhialann sin.
 4    Tá feachtas ar siúl ag Síocháin 
        Ghlas leis na míolta mara a shábháil.
 5    An bhfuil Máirtín cáilithe 
        mar fhiaclóir go fóill? Níl, tá bliain eile 
        traenála le déanamh aige.
 6    Caithfidh mé a iarraidh ar mo chuntasóir 
        cuidiú a thabhairt domh mfhoirm cánach a líonadh 
        isteach.
 7    Aithníonn ciaróg ciaróg 
        eile.
 8    Tá teachtaireacht phráinneach agam 
        don dochtúir.
 Triail 20 1    Más mian leat dhul ar bord eitleáin 
        ní mór duit do phas bordála a bheith leat.2    Is í an rúnaí a dfhreagair 
        an guthán nuair a scairt mé ar an oifig.
 3    Más gaolmhar ní cosúil.
 4    Is é do bheatha, a chara. Tar isteach 
        chun tí.
 5    Molaim go mor sibh, a pháistí, 
        arsa an múinteoir, tá an obair seo ar fheabhas.
 6    Tá mé ag súil go mór 
        leis na laethanta saoire.
 7    Bhí an ghaoth ag séideadh comh 
        láidir sin gur bhain sí an duilliúr den ` chrann.
 8    Fágfaidh mé an eochair faoin mhata duit 
        mar is dóiche go mbeidh sé mall ag teacht ar ais 
        anocht duit.
 Triail 21 1    Is dóiche gurb é an Louvre an dánlann 
        is cáiliúla atá i bPáras.2    Bíonn cuid mhór aeróstach 
        ag obair ag Aer Lingus.
 3    Mothaím go bhfuil feabhas ag teacht 
        ar mo chuid Gaeilge, arsa an foghlaimeoir.
 4    Faigheann foighid fortacht.
 5    Cuairt ghearr agus a déanamh go hannamh.
 6    Is gnách go gcoinnítear an lasta i mbroinn 
        na loinge.
 7    Cuir an clár ar ais ar an bhocsa stáin 
        nó éireoidh an tae tais.
 8    Bíonn cuid mhór carthanachtaí 
        ag cruinniú airgid ar son an Tríú Domhan.
 
 Triail 22
 1    Chuir sé a ainm chun tosaigh don toghchán.2    Tugadh tuairisceoir de chuid an nuachtáin 
        sin os comhair na cúirte as alt leabhlach a scríobh sé.
 3    An raibh tú thiar i gConamara ar do 
        laethanta saoire?
 4    An dtabharfá lámh chuidithe domh 
        le do thoil?
 5    Ní thiocfadh liom néal codlata a fháil 
        aréir mar go raibh stoirm fhiánta ann agus an ghaoth ag 
        séideadh       go láidir.
 6    Cumadh an t-amhrán Edelweiss san Ostair.
 7    Tá siad ina gcónaí sa Spáinn 
        le daichead bliain anuas agus ní mó ná go dtiocfaidh 
        siad ar ais go hEirinn        arís 
        go brách.
 8    Is fearr cara sa chúirt ná bonn 
        sa sparán.
 |