Clólann Bheann Mhadagáin Ben Madigan Press
Tá lacáiste ar fáil do scoileanna agus do choláistí - ríomhphost

Teideal an Leabhair: Trialacha Tuigbheála
Údar: AJ Hughes MA, MésL, PhD
Foilsitheoir: Clólann Bheann Mhadagáin, 2008 (Dara heagrán)
Leibhéal na Léitheoireachta: Meánrang agus ardrang
Clúdach crua: 200 lch (A5) + 2 dlúthdhiosca (78 & 75 bomaite)  
Uimhir ISBN: 978-0-9542834-3-8  
Luach:
£22.00 (post & pacáiste - Na Sé Chontae & An Bhreatain)
£25.00 (post & pacáiste - 26 Contae & An Eoraip)
£30.00 (post & pacáiste - An chuid eile den domhan)
Seoladh ar domhan

Cur síos ar an leabhar   Téocs Samplach   Achoimrí Béarla   Freagraí do Líon an bhearna

Téacs Samplach

Aistriúchán agus triail tuigbheála 1

(i) Aistrigh an sliocht a leanas go Béarla.


Pól Mac Suibhne – anonn is anall


Is mise Pól Mac Suibhne agus is as Iúr Cinn Trá ó dhúchas mé. Rugadh ar an bhaile sin mé agus tógadh ansin mé go raibh mé deich mbliana d’aois. Is múinteoir scoile é m’athair agus fuair sé post mar phríomhoide i nGlaschú. Bhog an teaghlach uilig go hAlbain i míle naoi gcéad seachtó a cúig agus táimid ansin ó shin. Tá post ag mo mháthair i nGlaschú mar chúntóir ranga i mbunscoil.

Is cuimhin liom m’óige in Iúr Cinn Trá. Caithfidh mé a rá gur baile beag deas é an tIúr. Is maith is cuimhin liom fosta na cairde a bhí ar an bhunscoil liom. Ba mhaith liom dhul ar ais go hIúr Cinn Trá, mar cé gur maith liom Glaschú, is fearr liom mo bhaile dúchais.

Cé go raibh mé i mo chónaí i nGlaschú ón bhliain míle naoi gcéad seachtó a cúig ar aghaidh, níor chaill mé teagmháil riamh le hIúr Cinn Trá. Tá mo mháthair mhór ina cónaí ansin go fóill. Téim ar cuairt chuici gach samhradh agus stopaim aici ar feadh míosa. Bíonn seans agam bualadh le mo sheanchairde arís. Bíonn lúcháir mhór orm ag dul ann i Mí Lúnasa, agus brón mór orm ag imeacht domh arís ag deireadh na míosa sin. Nach gasta a théann mí isteach!

Mar a dúirt mé cheana féin, is maith liom Glaschú ceart go leor ach ní maith liom nuair a thosaíonn an scoil ar ais i Mí Mheán Fómhair. Níl ach bliain amháin fágtha agam ar scoil. Ba mhaith liom bheith i m’ailtire. Tá mé déanamh staidéir ar an Ealaín, ar an Mhatamaitic agus ar an Fhisic. Ba mhian liom dhul chuig an ollscoil ar an bhliain seo chugainn. Nuair a bheas mé i m’ailtire, osclóidh mé oifig in Iúr Cinn Trá.

Socróidh mé síos ansin agus pósfaidh mé cailín deas as Éirinn. Tógfaidh mé teach dúinn cúpla míle taobh amuigh d’Iúr Cinn Trá. Beidh clann mhór ansin againn – ochtar nó mar sin.

(ii) Léigh an sliocht thuas arís agus freagair na ceisteanna thíos.

Roinn A: Tabharfar níos mó marcanna dóibh siúd a fhreagróidh na ceisteanna ina bhfocail féin in áit a bheith ag baint frásaí nó téarmaí go díreach amach as an tsliocht.

1     Cá háit ar rugadh Pól Mac Suibhne? (= Cár rugadh Pól Mac Suibhne?)
2     Cén aois a bhí aige nuair a d’fhág sé a bhaile dúchais?
3     Cad é an tslí bheatha a bhí ag a athair?
4     Cén bhliain ar rugadh Pól, i do thuairim?
5     An bhfuil baint ag máthair Phóil leis an oideachas ina saol oibre?
6     An ndearna Pól dearmad ar a óige in Éirinn?
7     An dtaitníonn Iúr Cinn Trá leis mar bhaile?
8     An bhfuil rún ag Pól bheith ag cur faoi i nGlaschú go deireadh a shaoil?
9     Ar thiontaigh sé a chúl le hIúr Cinn Trá go huile is go hiomlán?
10    Cá fhad a chaitheann Pól ag a sheanmháthair gach samhradh?
11    Cad chuige a mbíonn Pól cráite i dtús Mhí Mheán an Fhómhair?
12    An síleann Pól go dtéann an t-am thart go gasta agus é ar a laethanta saoire i gContae an Dúin?
13    Ar thogh Pól slí bheatha dó féin go fóill?
14    Cad é na hábhair atá ar siúl ag Pól ar scoil?
15     Cá háit a mbeidh oifig Phóil lonnaithe?
16     An bhfuil rún pósta ag Pól?
17     Cad chuige a mbeidh teach mór de dhíth air?
18     Cé a tharraingeoidh na pleananna don teach seo, do bharúil?

Roinn B

1.      Scríobh ar dhóigh eile na codanna a bhfuil líne fúthu sna habairtí seo a leanas. Bain úsáid as focail atá sa tsliocht thuas:

1      Deirdre Ní Néill an t-ainm atá orm.
2      D’fhás sé aníos i mBaile Átha Cliath.
3      Bhí ar an phríomh-mhúinteoir dhul chuig cruinniú ar maidin.
4      Tá dáimh níos mó aici le Béal Feirste ná le Londain.
5      Bíodh go bhfuil airgead aige, níl sé sásta.
6      Ní bhfuair mé faill an obair sin a chríochnú go fóill.
7      Bhí gliondar ar a mháthair mhór nuair a chuala sí go raibh sé ag teacht ar cuairt chuici.
8      Níl le déanamh aici ach bliain amháin eile ar an ollscoil.
9      Níor mhiste liom dhul chun na Spáinne ar feadh seachtaine sa tsamhradh.
10     Tá siad ina gcónaí ceithre chiliméadar taobh amuigh de Ghlaschú.
11     An bhfuil aithne agat ar an teaghlach sin?

2.     Cuir gach briathar a bhfuil líne faoi sa tsliocht seo a leanas san aimsir chaite:

Téann Pól ar a laethanta saoire i Mí Lúnasa. Pacálann sé a chás agus tiomáineann a thuismitheoirí amach go haerfort Ghlaschú leis. Faigheann sé  eitilt ó Ghlaschú go Béal Feirste. Bíonn a chol ceathrar ag fanacht leis ag aerfort Bhéal Feirtse agus tugann sé síob go hIúr Cinn Trá dó. Ritheann a mháthair mhór amach nuair a tchí sí é agus tugann sí póg agus barróg dó. Cuidíonn a chol ceathrar leis a chás a iompar isteach chun tí.

3      Cuir na codanna a bhfuil líne fúthu sna habairtí seo a leanas san uimhir iolra:

a)      Is múinteoir scoile é.
b)      Bhog an teaghlach sin amach as a dteach.
c)      Nach gasta a théann an mhí agus an bhliain isteach!
d)      Ba mhaith léi bheith ina hailtire.

4       Líon an bhearna i ngach ceann de na habairtí seo a leanas le focal cuí:

a)      Rugadh agus ______________ i mBéal Feirste mé.
b)      Ní ______________ liom cá huair a tháinig sé anseo den chéad uair.
c)      Is breá liom bolg le gréin a dhéanamh ar an ______________.
d)      Mol an ______________ agus tiocfaidh sí.
e)      Cé go bhfuil mo dheartháir i Londain le fiche bliain anuas coinnímid i ______________ lena chéile go           measartha rialta.
f)       Chuaigh Pól chuig an ______________ agus bhain sé céim amach.
g)      Tá triúr ______________ ag an lánúin sin.
h)      Nuair a bheas páistí ag Pól ______________ sé le Gaeilge iad.

5 Déan cur síos ar na foirmeacha de na briathra a leanas a bhfuil líne fúthu.

m.sh. glanann sé =
an tríú pearsa fhirinscneach, uimhir uatha, (foirm neamhspleách) den aimsir ghnáthláithreach den bhriathar glan/glanadh.

(a)      Is mise Pól Mac Suibhne (e)      níor chaill mé
(b)      tógadh ansin mé (f)      Téim ar cuairt
(c)      fuair sé (g)      Bíonn lúcháir mhór orm
(d)      táimid ansin ó shin (h)      Socróidh mé síos

6 Déan cur síos ar thuiseal, uimhir, dhíochlaonadh agus inscne na n-ainmfhocal a leanas a bhfuil líne fúthu.

m.sh. lár an bhóthair = an tuiseal ginideach, uimhir uatha, den ainmfhocal bóthar, an chéad díochlaonadh, firinscneach.

(a)      sa bhaile sin (d)      na cairde a bhí ar an bhunscoil
(b)      Bhog an teaghlach (e)      ag deireadh na míosa sin
(c)      cúntóir ranga (f)      osclóidh mé oifig in Iúr Cinn Trá

Roinn C:  Saorchumadóireacht

Tabharfar marcanna níos airde dóibh siúd a bhainfeas úsáid as a gcuid focal féin in áit frásaí nó téarmaíocht a bhaint amach as an tsliocht thuas.

i)      Scríobh cúig abairt (nó thart fá 50 focal) ar aintín nó ar uncail nó ar ghaol inteacht eile atá agat.
ii)     Scríobh cúig abairt (nó thart fá 50 focal) ar lá a bhí agat in otharlann nó i seomra an fhiaclóra.